Homily for Fleadh Mass (Irish)

Homily for Fleadh Mass
Bishop Kevin Doran
Cathedral of the Immaculate Conception, Sligo
Sunday 17th August 2014

I mo bhliain dheireanach sa chliarscoil, chuaigh grúpa beag againn ón Róimh go dtí an tSairdín ar feadh cúpla lá i ndiaidh na Nollag. Bhí triúr den ghrúpa a sheinn ceol, agus mar sin bhí giotár, bodhrán agus feadóg stáin sa charr linn. Lá amháin, tar éis am lóin, ag bialann beag cois farraige, chuala na daoine áitiúla cuid againn ag labhairt agus d’iarr siad orainn arbh as an Ghearmáin sinn. Ar chúis éigin, nuair a dúirt muid leo gur Éireannaigh a bhí ionainn, bhraith siad an gá le leithscéal a ghabháil agus sheol siad buidéal fíona an-deas chugainn. Sin an t-am a chuaigh na buachaillí amach go dtí an carr chun na huirlisí ceoil a fháil. Tar éis Fleadh Cheoil ‘impromptu’ ar an trá, d’iarr na Sairdínigh orainn na huirlisí a thabhairt dóibh ar iasacht. Tar éis cúpla sreang anseo is ansiúd a athrú le cur in oiriúint dá stíl cheoil féin, as go brách leo ar feadh leathuair a’ chloig eile!

Insím an scéal sin mar sílim go léiríonn sé conas mar is féidir leis an gceol deighilt a shárú. Tá, ar ndóigh, scéal i bhfad níos fearr ná sin faoi conas a d’fhág na trúpaí na trinsí le linn an chéad chogaidh domhanda agus gur imir siad peil le chéile ag na Nollag; tharla seo ar fad mar gheall ar go raibh tús curtha le duine éigin Oíche Chiúin a chanadh. Níl a fhios agam ar tharla seo de bharr na liricí, nó de bharr an cheoil, nó b’fhéidir toisc gur mhúscail an canadh tathaí daonna iontu, gurbh fhéidir leo ar fad a aithint.

Is é ceann de na traidisiúin is ársa sa cheol reiligiúnach ná na Sailm a chanadh, a bhí mar iomainn tíre mhuintir Iosrael. Cé go bhfuil an bunleagan ceoil Eabhrais caillte againn, is fearr fós iad nuair atá siad canta. Cé go bhfuilimid inár gcónaí i ndomhan an-éagsúl anois, tá na mothúcháin atá ar fáil sna sailm; áthas agus brón; neart agus laige; aithrí, buíochas agus moladh go díreach chomh fíor dúinne is a bhí siad do dhaoine trí mhíle bliain ó shin.

Roinnt blianta ó shin nuair a bhí mé ag múineadh reiligiúin i nGairmscoil, thug mé cóip Salm 137(céad triocha seacht) don rang agus d’iarr mé orthu é a léamh agus a rá liom cad a shíl siad faoi. Beagnach láithreach, arsa ceann de na buachaillí; “Hey Rev! Tá sé seo sna cairteanna; conas ar éirigh leis fáil isteach sa Bhíobla?” Dar ndóigh BONEY M agus “Rivers of Babylon” a bhí ann!

Buaileann an ceol rud éigin domhain i spiorad ár ndaonnacht, níos doimhne b’fhéidir ná gur féidir le focail a chur in iúl. Deirtear go gciúnaíonn ceol an duine fíochmhar, sé sin “music sooths the savage breast”. Nílim a rá go bhfuil aon duine fíochmhar inár measc ach cinnte bailíonn daoine, ó gach cearn d’Éirinn agus thar lear, le chéile ag Fleadh Cheoil na hÉireann; daoine nár bhuail le chéile cheana; b’fhéidir daoine gan mórán i gcoitinne acu sa gnáthslí. “Ceol agus Cairdeas”, mar a dearfá! Ar nós páistí Hamlin, leanann siad ceol an phíobaire. Ní tharlaíonn de seo trí thimpiste ar ndóigh. Bailíonn daoine mar fhreagra ar chuireadh, agus tá an cuireadh sin indéanta amháin de bharr na daoine go léir go bhfuil grá acu don cheol, grá a chabhraigh leo buanna eile a aimsiú chun freastal ar dhaoine eile.

Sna scrioptúir a chualamar inniu, cloisimid faoi ceartais a dhéanamh, faoi bheith ag gníomhú le hionracas agus faoin bhfáilte do chách atá ar fáil i dTigh Dé. Labhraíonn Naomh Pól freisin ar trócaire Dé a bhfuil ar fáil do gach duine gan eisceacht. Is é Dia é féin ata tar éis an ceol a chur inár anamacha agus a thugann cuireadh dúinn maireachtáil le chéile go sítheach. Tugann seo go léir leid dom a mholadh go bhféadfadh an ceol agus na paidreacha a roinnimid le chéile sna laethanta seo cúnamh a thabhairt dúinn, feasacht ar ár ndaonnacht coitianta a dhoimhniú laistigh dúinn ar fad agus ar an bhfíric go bhfuilimid, le chéile, inár páistí Dé; Dia a thugann grá dúinn go léir. B’fhéidir go dtabharfaidh sé spreagadh dúinn dul ag obair níos seasta don cheartais agus don spiorad fáilteachais inár sochaí faoi mar a labhrann an fáidh Isaiah.

Le blianta beaga anuas tá go leor daoine ag fulaingt go géar de bharr deacrachtaí eacnamaíocha. Leis an bhfulaingt sin, (agus tá sé seo intuigthe), tagann olc ar dhaoine. Chun íomhá ceoil a úsáid, is cosúil go minic go bhfuil easpa chomhcheol inár sochaí. In ionad na huirlisí a bheith ag obair le chéile, is cosúil go bhfuil na rannóga éagsúla i gcomórtas, agus uaireanta i gcoimhlint, lena chéile. Tá easaontais áirithe idir saothair agus caipitil; idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, idir ceantair uirbeacha agus thuaithe. Tá sé de chead againn rudaí a fheiceáil ar bhealaí éagsúla. Ach faoina bhun sin, ar leibhéal níos doimhne, tá muid go léir mar aon chorp amháin; tá an ceol céanna inár anamacha. Má chaillim meas ar an duine eile mar dhuine cosúil liom féin, leis na mianta céanna agus na riachtanais bunúsacha céanna is atá agamsa, ansin tá meas caillte agam orm féin.

In ár Soiscéal inniu cloisimid faoi eachtrannach atá ina chónaí in Iosrael, ag a bhfuil gá le cúram sláinte ar nós duine ar bith eile. Ar dtús, is cosúil go bhfuil dearcadh Íosa neamhbháúil ar a laghad. I ndáiríre, i mo thuairimse, tá sé ag cur focail ar an dearcadh a fheiceann sé ag a dheisceabail. Ar an gcaoi sin, tugann sé deis don bhean a creideamh a léiriú. Sé an bun líne, dar le hÍosa, go bhfuil eachtrannach i dteideal tíolacadh Dé, a bhí i gceist Aige dúinn go léir, a roinnt ar an gcaoi céanna le gach éinne eile.

Inár measc, ach ar an imeall ár sochaí, tá daoine a tháinig anseo ag lorg tearmainn. Cosúil leis na hÉireannaigh a chuaigh go Sasana, an Astráil agus na Stáit Aontaithe, tá cúiseanna maithe acu a bheith anseo. D’fhéadfadh sochaí oileánach a bheith claonta, agus féachaint orthu mar ualach, ach tá bealach eile le féachaint air. Tugann siad, mar a dúirt an Pápa Eoin Pól uair amháin, tabhartais a bheadh ar fáil de ghnáth ag a sochaí féin agus atá, ar chúis amháin nó cúis eile, á chur ar fáil anois don tír ina bhfuil siad (Laborem Exercens 23). Ag glacadh leis, ar ndóigh, go bhfuil cead acu úsáid a bhaint as a gcuid buanna.

Le déanaí, san imlitir ar ”Shólás an Soiscéil”, scríobh an Pápa Proinsias:

Cuireann imircigh dúshlán ar leith os mo chomhair, ós rud é go bhfuilim i mo shagart ar Eaglais gan teorainneacha, Eaglais atá mar mháthair do chách. Ar an gcúis sin, gríosaím gach tír a bheith oscailte agus flaithiúil, agus in ionad a bheith eaglach faoi caillteanas na féiniúlachta áitiúla, a bheith in ann foirmeacha nua de shintéis cultúrtha a chruthú. Cé chomh álainn is atá na cathracha a sháraíonn an mímhuinín pariliseach, a dheánann iad siúd atá difriúil a chomhtháthú agus a chuireann an comhtháthú seo mar fhachtóir nua forbartha! (Evangelii Gaudium, 210).

Nuair a lorgaíonn daoine tearmann, tá sé réasúnta go ndéanfaidh an stát breithiúnas cóir maidir le stádas dídeanaithe a thabhairt nó gan a thabhairt dóibh. Níl sé réasúnta, áfach, go leanfadh an próiseas seo ar aghaidh ar feadh na mblianta. Níl sé cothrom ach oiread go mbeadh fir, mná agus páistí ina cónaí i suíomhanna a chuireann cosc orthu maireachtáil mar gnáth theaghlach, ag forbairt a gcuid scileanna, nó a tuilleamh a gcuid arán féin. Bhainfeadh leath-shaol den sórt sin an ceol de anam duine ar bith. Dealraíonn sé go háirithe ciniciúil, agus córas den chineál seo curtha ar lucht iarrtha tearmainn anseo, go bhfuil rialtas na hÉireann ag impí go seasta ar rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá ollmhaithiúnas a thairiscint do inimircigh neamhdhleathacha Éireannacha i Meiriceá. Cuirim fáilte roimh an bhfíric gur cosúil go bhfuil aitheantas éigin i measc lucht an rialtais le tamall anuas go bhfuil an córas soláthair dhírigh mar atá sé dhídhaonnaithe, agus táim ag tnúth le córas níos daonna a fheiceáil go luath amach anseo.

Ag filleadh ar feadh nóiméad ar an bhFleadh, ba mhaith liom a rá cé chomh sásta atá mé go raibh an deis agam fáilte a chur romhaibh go léir anseo inniu agus an tAifreann seo a ceiliúradh libh. Caithfidh mé a admháil go bhfuil mo chuid scileanna ceoil teoranta don chanadh in éineacht le daoine eile, ach mar a deir siad, “tá áit do phobal Dé ar fad sa chór”. Tá súil agam go bhfuil muintir na háite a chuir fáilte roimh dhaoine go Sligeach saibhrithe ag an taithí, agus gur bhraith ár gcuairteoirí gur cuireadh fáilte rompu. Agus muid ag fágáil seo inniu, guím go rachaidh an ceol linn agus go mbeidh a macalla le cloisteáil ar fud na tíre i spiorad nua na dlúthpháirtíochta agus le tuiscint úr ar chuspóir comónta.